Lá an Bhuiséid
Tá lá an Bhuiséid ar cheann de na laethanta is tábhachtaí i bhféilire Thithe an Oireachtais. Cuireann an tAire Airgeadais an Ráiteas Buiséid faoi bhráid Dháil Éireann lá an Bhuiséid. Tugtar cuntas sa Ráiteas Buiséid ar an dearcadh ginearálta eacnamaíoch agus fioscach agus ar na hathruithe atá beartaithe ag an Rialtas a dhéanamh ar chánacha agus ar chaiteachas. Bíonn deis ag Teachtaí Dála óráidí a dhéanamh mar fhreagra ar an Ráiteas Buiséid.
Tar éis an Ráiteas Buiséid a thabhairt, tairgeann an Rialtas rúin airgeadais, agus déanann Dáil Éireann díospóireacht ar na rúin sin. Uaireanta maireann an díospóireacht roinnt laethanta. Mura n-aontaíonn an Dáil le rúin airgeadais an Rialtais, déantar vótáil a ghairm agus dearbhaítear cibé acu atá na rúin rite nó caillte.
An tOireachtas agus an Buiséad
Chun tuilleadh eolais a fháil ar ról an Oireachtais sa Bhuiséad, féach grafaic faisnéise SLaT.
An Coiste um Fhormhaoirsiú Buiséid
Bíonn cruinnithe ag an gCoiste um Fhormhaoirsiú Buiséid le páirtithe leasmhara agus déanann sé athbhreithniú ar shaincheisteanna a bhíonn mar chuid de na breithnithe ar an mbuiséad. Foilsíonn sé tuarascáil roimh an gcáinaisnéis le moltaí don Rialtas.
An Oifig Buiséid Pharlaiminteach (OPB)
Cuireann Oifig Buiséid Pharlaiminteach Thithe an Oireachtais faisnéis, anailís agus comhairle neamhspleách agus neamhchlaonta ar fáil do Thithe an Oireachtais. Is príomhfhoinse faisnéis airgeadais agus buiséadaithe í an Oifig Buiséid Pharlaiminteach le haghaidh Comhaltaí den Oireachtas.
Naisc úsáideacha
Lean na naisc seo chun tuilleadh a fhoghlaim faoin mbuiséad in Éirinn
Tar éis an Bhuiséid
D'fhéadfadh sé go gcaithfeadh an Rialtas iarraidh ar Thithe an Oireachtais reachtaíocht áirithe a leasú, d'fhonn na hathruithe a mhol sé sa Ráiteas Buiséid a chur i bhfeidhm. Déanann sé é sin trí Bhillí a thabhairt isteach. Mar shampla, chun an méid cánach a ghearrtar a athrú, tugann an Rialtas Bille Airgeadais isteach agus chun íocaíochtaí leasa shóisialaigh a athrú, tugann an Rialtas Bille Leasa Shóisialaigh isteach. Déantar díospóireacht ar na Billí sin de ghnáth agus déanann Tithe an Oireachtais iad a rith faoi dheireadh na bliana.
Buiséad 2024
Clár speisialta ar Theilifís an Oireachtais
Clár speisialta maidir le Buiséad 2024
Féach ar thuairisciú agus anailís ar Bhuiséad 2024 a chraol Teilifís an Oireachtais ar an 10 Deireadh Fómhair 2023.
Díospóireachtaí maidir le Buiséad 2024
Léigh nó féach ar na díospóireachtaí faoi Bhuiséad 2024, a bhí ar siúl i nDáil Éireann agus i Seanad Éireann an 10 Deireadh Fómhair 2023.
Buiséad 2023
Clár speisialta ar Theilifís an Oireachtais
Clár speisialta maidir le Buiséad 2023
Féach ar thuairisciú agus anailís ar Bhuiséad 2023 a chraol Teilifís an Oireachtais ar an 27 Meán Fómhair 2022.
Díospóireachtaí maidir le Buiséad 2023
Léigh nó féach ar na díospóireachtaí faoi Bhuiséad 2023, a bhí ar siúl i nDáil Éireann agus i Seanad Éireann ón 27 Meán Fómhair 2022.
Buiséad 2022
Clár speisialta ar Theilifís an Oireachtais
Clár speisialta maidir le Buiséad 2022
Féach ar thuairisciú agus anailís ar Bhuiséad 2022 a chraol Teilifís an Oireachtais ar an 12 Deireadh Fómhair 2021.
Díospóireachtaí faoi Bhuiséad 2022
Léigh nó féach ar na díospóireachtaí faoi Bhuiséad 2022, a bhí ar siúl i nDáil Éireann agus i Seanad Éireann ón 12 Deireadh Fómhair 2021.
Buiséad 2021
Clár speisialta ar Theilifís an Oireachtais
Clár speisialta maidir le Buiséad 2021
Féach tuairisciú agus anailís ar Bhuiséad 2021 a rinne Teilifís an Oireachtais a chraoladh ar Lá an Bhuiséid 2020.
Díospóireachtaí faoi Bhuiséad 2021
Féach ar na díospóireachtaí faoi Bhuiséad 2021 i nDáil Éireann agus i Seanad Éireann nó léigh iad.
Nuashonraithe go deireanach: 13 Deireadh Fómhair 2020